Eolas Úsáideach

Siúlóirí I mBaile an Chalaidh leis na Triúr Deirféar i gcéin

Cód Tuaithe

Pleanáil Slí agus Comhairle Sábháilteachta

  • Úsáid do cheann agus tú amuigh ag siúl – bí cúramach agus na cuir tú féin ná éinne I mbaol.
  • Roghnaigh slí a oireann dod’choprachahinn agus taithí.
  • Dein cinnte réamhfhaisnéis aimsire a fháil roimh dul amach agus dein pleanáil cuí. Coimeád súil ar athraithe san aimsir, má thosnaíonn sé ag dul in olcas cas thar n-ais nó tóg bealach slí eile muna bhfuil an ceann romhat sábháilte.
  • Faigh comhairle ó dhaoine áitiúla mar is acu san a bheidh an t-eolas is fearr.
  • Tabhair go leor ama don siúl – ní rás atá ann ach ag an am céanna bí aireach faoi am luí na gréine agus bíodh se I gceist agat bheith ar ais roimh san.
  • Do aon siúlóid, nó cuid so shiúlóid, atá ar an trá dein cinnte go bhfuil eolas taoide agat chun ná beifeá greamaithe ag leibhéal uisce árd.
  • Fág eolas faoi do shiúl le duine éigin agus dein teagmháil leo nuair a fhilleann tú ar ais go sábhailte.

 

Eadach agus Trealamh

  • Braitheann an méid trealamh agus éadach a bheidh ag teastáil uait ar an méid ama a bheidh tú ag siúl, an saghas slí a bheidh romhat agus cúrsaí aimsire.
  • Ag siúl faoin aer in Éirinn tá sé tábhachtach iad seo a choimeád id’intinn:
  • Cóta báistí
  • Buataisí siúil nó bróga a oireann don talamh ar a mbeidh tú ag siúl
  • Tabhair go leor bia agus deochanna leat.
  • Tabhair fón póca leat – tá siad áisiúil I gcás éigeandála ach ní cheart duit brath orthu ar eagla ná bíonn clúdach raoin ar fáil.
  • Tabhair léarscáil, hata, láimhínní, briste báistí, tóirse, feadóg agus fearas garchabhrach leat.
  • Bí aireach le trácht ar gach bóthar a shiúlann tú.
  • Ná bíodh deabhadh ort, tóg sosanna go rialta agus an-tábhachtach … bain taitnemah as!

Má théann rud éigin mícheart …

Má bhíonn tú caillte:

  • Fan socair, féach thar timpeall ort agus cuimhnigh ar an mbealach atá díreach siúlta agat agus an marcálaí deireanach a chonaic tú. Má tá tú tar éis marcálaí a chailleadh téir ar ais go dtí an ceann deireanach gur cuimhin leat.
  • Féach ar do léarscáil agus dein iarracht do láthair a oibriú amach chomh maith leis an treo ina bhfuil tú ag taisteal.

I gcás éigeandála nó timpiste:

  • Is féidir glaoch ar 112 nó 999 agus an Tarrtháil Sléibhe a lorg – is seirbhís deonach iad an Tarrtháil Sléibhe agus ní cóir glaoch orthu ach i bhfíor gcás éigeandala.
  • Má bhíonn ort duine/daoine a sheoladh chun cabhair a fháil dein cinnte go bhfuil bealach slí ar ais ar eolas acu agus eolas faoi aon ghortú.
  • Dein iarracht aon ghortú a shocrú chomh fada agus is féidir leat agus coimeád an t-othar te agus compórdach. Bí cinnte go mbíonn gach duine te agus compórdach ar eagla go dtógann sé cúpla uair roimh a thagann cabhair.

LEAVE NO TRACE

Tabhair leat é … tabhair leat thar n-ais é!

Clár eitice is ea Leave No Trace atá curtha le chéile chun áineas faoin aer a spreagadh agus a chur chun cinn trí oideachas, taoghde agus comhpháirtíocht.

7 Prionsabal Leave No Trace

  • Ullmhú agus Pleanáil
  • Bí tuisceannach
  • Bíodh meas agat ar ainmhithe agus fiadhúlra
  • Taisteal agus campáil ar thalamh cuí
  • Fág cad a fhaigheann tú
  • Cuir brúscar díot sa slí cuí
  • Ná las tinte
sign NO DOGS!

Suíomhanna gréasáin ag baint leis na bailte / ceantair

Tralee www.tralee.ie
Castlegregory www.castlegregorykerry.com Annascaul www.annascaul.ie
Dingle www.dingle-peninsula.ie

Baile Dhaingean Uí Chúis ón gcuan

Oifig Turasóireachta & Ionad Eolais do Chuairteoirí

Oifig Turasóireachta an Daingin,
Sráid na Trá, Daingean Uí Chúise
066 915 1188
Oscailte don bhliain go léir

Oifig Turasóireachta Thrá Lí,
Príomh Mhúsaem Chiarraí (Halla Cuimhneacháin an Ághasaigh),
Sráid Deiní, Trá Lí
066 712 1288
Oscailte don bhliain go léir

Ionad Eolais do Chuairteoirí,
Caisleán Ghriaire 066 713 9422
Oscailte go séasúrach

Dein Teagmháil Linn

7 + 14 =

Thank you for your feedback.

Please note that there may be a delay in responses as our website is run by a voluntary committee.