Daingean Uí Chúis - Dún Chaoin

( Dingle to Dunquin )

Léarscáil don stráice do Shlí Chorca Dhuibhne idir Daingean Uí Chúis agus Dún Chaoin

Faid: 20 km | Aird: 370 m | Am: 5—7 hrs | Grád: Moderate 

Ag taisteal siar thar Chuan an Daingin trasnaíonn an Slí Droichead Baile an Mhuilinn. Ar dheis tá Drioglann an Daingin, an chéad drioglann sainthógtha in Éireann le breis agus 100 bliain. Trasna an chuain feictear Tuar na hEisce a tógadh i 1847, agus i measc na crainn feictear Tigh Bhaile an Ghóilín, áit a chónaigh Tiarna Cheann Trá a ritear anois mar scoil chónaithe. Tá bailiúchán Clocha Ogham le feiceáil ar an mbóthar isteach go dtí an scoil.

Baile Dhaingean Uí Chúis ón gcuan

Leanann an Slí an príomh bhóthar ar feadh 1km roimh casadh ar dheis a thógaint ag forc sa bhóthar id’thabhairt i dtreo Ceann Trá. Tar éis 2km beidh tú ag dul ar dheis agus 300m ina dhiaidh san beidh tú ag dul ar chlé suas chun aired. Bíonn an talamh fliuch anseo mar sin caithfear aire a thógaint. Tar éis dul thar droim Mám an Óraigh tagann an Slí anuas agus buaileann sé le bóthara bheag a thugann síos go Ceann Trá tú ón Tuaisceart. Is baile beag álainn í Ceann Trá le scoil, Oifig an Phoist, siopa, tigh tabhairne, potadóireacht agus bialann. Is é seo an áit deireanach bia agus sólaistí a fháil mar ná fuil aon siopa i nDún Chaoin. Tógann an chéad chuid eile do Shlí Chorca Dhuibhne trasna trá Cheann Trá tú anseo le radharcanna álainn le feiscint i ngach treo. Siúlann tú faid na trá anseo, áit a deirtear gur tharla cath staireach nuair a throid Rí na hÉireann comhfhórsaí Rí na Fraince, na Spáinne agus an chuid eile don domhain – cath eipiciúil a mhair bliain agus lá.

Tar éis teacht ón trá leanann an Slí boithre beaga ar feadh 2km roimh a bhuaileann sé suas leis an bpríomh bhóthar (N86), Bóthar Chinn Sléibhe. Caithfear bheith an aireach ar an bpíosa seo den mbóthar toisc gur bóthar coitianta gnóthach é agus níl mórán slí air do guaisteáin agus do shiúlóirí.

Tá an áit is áille ar domhain mórthimpeall ort ar an gcéad 7km eile agus tú ag dul thar bun Sliabh an Iolair. Síos uait cífidh tú Dún Beag, iarsma cosanta ón Iarannaois. us tú ag dul suas tagann tú go Fán, ceann do na suíomhanna seandálaíochta is dlúithe in Éireann ina bhfuil dúin, clocháin, uaimh thalúin agus clocha Ogham. Ag 160m aird os cionn farraige, tagann radharc an Atlantaigh agus oileáin an Bhlascaoid suas romhat agus tú ag dul timpeall Chinn Sléibhe.

An cósta ag féachaint amach I dtreó an Blascaod Mór

Tagann an chuid deireanach don staid se oar ais anuas ar príomh bhóthar Chinn Sléibhe ag Dún Chaoin ar feadh 3km ag dul thar an reilig áit a bhfuil Peig Sayers ón mBlascaod curtha roimh duit teacht anuas i dtreo cé Dhún Chaoin áit gur féidir turas a thabhairt ar an mBlascaod Mhór. Tá plaic cuimhneacháin ar bharr faille anseo ag comóradh an áit a chuaigh an Santa Maria de la Rosa ón Armada Spáinneach go tóin poill sa chuan sa bhliain 1588. Leanann an slí ar aghaidh chomh fada le Ionad an Bhlascaoid, ionad oidhreachta, áit gur féidir scéal agus stair oileán an Bhlascaoid a chlos.

Lúb Shiúlóidí

Siúlóid Cholmáin, Ventry

Faid: 7 km | Am: 2 uair | Grád: Éasca

Tosnaigh amach do shiúl ag Oifig an Phoist Cheann Trá. Tabhair aghaidh ó thuaidh suas an mBóthar Ard thairis an Oifig an Phoist agus an Scoil agus cas ar chlé ag an gcéad chrosaire i dtreo Mhám an Óraigh. Bain lán do shúl do na radharcanna breátha ar Thráigh agus Cuan Fhionntrá, agus Bá an Daingin. Tá trí mharcanna éagsúla anseo do thrí shiúlóidí éagsúla, mar sin bí ag faire go géar do na marcanna Uaine agus Dearg

Where to eat and stay

Useful Information