Tralee – Camp

(Trá Lí - An Com)

Faid: 18 km | Aird: 200 m | Am: 5—7 hrs |Grád: Deacair

Fáilte go Slí Chorca Dhuibhne a thosnaíonn agus a chríochnaíonn ag Príomh Mhúsaem Chiarraí i dTrá Lí. Ó taobh iarthar an fhoirgnimh téigh amach trí an carr chlós agus lean na comharthaí go Cathair Uí Mhóráin. Tugann an siúlóid seo 1.6km ar bhruach na canálach tú áit a thógann tú clé thar droichead trasna Abhainn an Lithe. Siúlóidh tú thar Muileann Gaoithe Chathair Uí Mhóráin, an muileann gaoithe oibre is mó in Éire agus an Bhreatain Mhór a tógadh thart ar 1800 agus ná úsáideadh ach ar feadh cúpla deichniúir bliana go dtí an athchóiriú a deineadh sna 1980’aí. Trasnaigh an bother 200m suas an bother ag trasnú an promh bhóthar (N86) agus lean bother beag ag dul soir (cuaille eolais Dingle Way). Casa ar dheis tar éis 300m agus lean leat ó dheas go acomhal ag a dtógann tú casadh eile ar dheis ar feadh 800m go acomhal eile. Cas ar chlé agus suas an airde ar feadh 1.3km chomh fada le cor géar ag droichead thar abhann. Téigh trí geata ar dheis roimh an droichead, ag dúnadh an geata i do dhiaidh, agus lean an cosán – clocha cora anseo thar talamh fliuch.

Tiocfaidh tú ar chlár eolais faoi Slí Tóin an Bháin, siúlóid luite ó dheas, áit a thrasnóidh tú trí shrutháin bheaga roimh dreapadh go réidh ar feadh 2km go dtrasnaíonn tú Abhainn Curraichín. Leanann tú ceantar droimneach ar feadh 2.2km chomh fada le droichean Abhainn Dhoire Mhic Aodha áit a thógfaidh tú casadh géar ar chlé ag dul suas ar feadh cúpla céad méadar le sraithradharc ag féachaint siar. Tiocfaidh tú anuas beagán chun sruthán beag a thrasnú maraon le dhá stíl agus ansan an droichead thar Abhainn Doire Mhór. Rachaidh tú suas trí gheata ag trasnú stráice le trasnán iarnród agus clocha chora – caithfear aire a thógaint anseo toisc go mbíonn an talamh faoi chois dainséarach go minic. Lean an Slí thar talamh carraigeach chomh fada le stíl agus cor sa bhóthar ag Cill Eiltín áit a bhfuil fothrach lonnaíochta clúdaithe le crainn agus aireagal dronuilleogach. Romhar amach tá seacht stíl ag trasnú srutháin go mbuaileann tú le bother arís. Téir ar dheis ag an forc sa bhóthar síos i dtreo an N86 and An Cam Íochtarach. Chun fanacht ar an Slí coimead clé ar an mbóithrín a thagann trasna an mhullaigh agus síos go bother beag – áit a chífidh tú ar dheis droichead le stuaice árda uair a d’iompar an iarnród ó Thrá Lí go dtí Daingean Uí Chúis.

Trasnaigh an bother anseo agus siúil ar feadh 200m síos chomh fada leis an abhainn ag úsáid an lámhráille téadáin agus clocha cora chun é a thrasnú. Tugann bóithrín féarach go crosbhealach tú áit a bhfuil comhartha trí-bhealaigh do Shlí Chorca Dhuibhne … tóg an bealach ar dheis chun An Cam a bhaint amach.

Lóistín agus Bia

Breis...

Eolas Úsáideach

Breis...