Dún Chaoin - An Fheothanach

(Dunquin - Feohanagh)

Faid: 20 km | Aird: 125 m | Am: 5—7 hrs | Grád: Éasca

Ag an brú Óige i nDún Chaoin téann tú suas i gcoinne an airde áit a chasann tú ar chlé ag casadh mhór agus ag tógaint an deis láithreach bonn ar chosán ghreain. Os do chomhair anseo beidh imlíne scaipithe bolcánach Mionnán Mór agus thar sin osclóidh sraitthradharc romhat amach le Cnoc Bhréanainn, na Triur Deirféar, Cuan Árd na Caithne agus Ceann Sibéal mar na príomh radharcanna. Ag braith ar an aimsir agus an t-am den bhliain bíonn an talamh faoi chois fliuch agus sleamhain anseo mar sin caithfear aire a thógaint. Tagann an slí anuas anseo agus buaileann sé leis an mbóthar arís, ag dul ar dheis ar an R559 agus ag dul thar Potadóireacht na Caolóíge. 500m síos an bóthar casa r chle síos bóithrín áit a bhíonn clúdaithe isteach ag sceacha i rith an tSsamhraidh agus caithfear bheith aireach anseo. Ag cúinne a chasann ar dheis lean an cosán id’thabhairt díreach os cionn trá cúlráideach Cloichear.

Tar éis áilleacht Trá Cloichear agus radharcanna Inis Tueaisceart (An Fear Marbh) a fhágáil lean an bóthar beag suas go dtí an príomh bhóthar arís agus téigh ar chlé ag dul soir ó thuaidh i dtreo taobh oirthir galf chúrsa Cheann Sibéal. Ag deireadh an bhóthar seo beidh gabhalT agus téann tú ar dheis agus tar éis cúpla méadar ar chlé. Lean an bóthar seo go dtí an deireadh áit a chasann sé ar dheis agus arís go deireadh an bóthar seo agus ar dheis arís ag gabhalT i dtreo Trá Bhéal Bháin. Suas ar do chlé ag pointe tuaiscirt an trá tá Dún an Óir, áit a bhfuil dún áit a mharaidh Fórsaí Choróin Eibhlís 600 fear, Iodálaigh, Spáinneaigh agus Éireannaigh i rith éirí amach Deasúin sa bhliain 1580.

Ar do chlé ar feadh an chéad 6km eile beidh radharc álainn Cuan Árd na Caithne – as Béarla Smerwick –ainm a tháinig ó na Lochlannaigh dá bhrí Cuan Ime (Butter Harbour) áit a raibh trádáil mhór ime á dhéanamh chomh fada siar le am na hUigingigh. Ar an bpíosa seo den slí seachnaíonn tú baile Bhaile an Fheirtéaraigh, an baile is mó taobh thiar don nDaingean áit a bhfuil múseam, tithe tabhairne, bialann, séipéal agus scoil. Tugann an chéad phíosa don siúl thar trá 1.4km suas tú áit a bhfuil ort dul suas tri bhearna, ag coimeád ar chlé thar fail lag leanúint an bhóthar agus na comharthaí agus ag dul ar chlé chun teacht anuas chun trá arís. Beidh ort sruthán beag a hrasnú tar éis teacht anuas chun trá.

Roimh a thagann tú go dtí an Mhuiríoch, áit a bhuaileann an siúl len bóthar arís, rachaidh tú cóngarach go leor do Shéipílín Ghllaruis, aireagal cloch ón 7 – 12 aois, agus Caisleán Ghallaruis, tuar Lochlannach ón 15ú aois.

Tar éis an bóthar ón trá a shroichint beidh tú ag dul ar chlé i dtreo caladh beag iascaireachta Bhaile na nGall, ag dul ar chlé chun an baile beag a shroichint. Ag bun an bhaile beidh bóithrín beag ag dul ar chlé a thugann thar aill tú don chéad staid eile chomh fada leis an príomh bóthar arís ag Glaise Beag. Bíonn cuid den siúl aille seo ana fhliuch ag braith ar aimsir agus an t-am den bhliain mar sin beidh ort bheith aireach. Nuair a shroicheann tú an bóthar cas ar chlé agus siúlóidh tú an chuid eile den staid se oar bhóthar chomh fada le tigh tabhairne An Chúinne ar an bhFeothanaigh. Sé Cnoc Bhréanainn atá os do chomhair amach ar an gcéad chos eile do Shlí Chorca Dhuibhne.

Lóistín agus Bia

Breis...

Eolas Úsáideach

Breis...