An Clochán - Castlegregory

( Cloghane - Caisleán Ghriaire )

Faid: 29 km |Aird:  50 m | Am: 7—9 hrs |Grád: Measartha 

Agus An Clochán á fhágáil agat ó dheas, trasnaíonn tú droichead beag os cionn An Abha Mhór. Leanann Slí Chorca Dhuibhne bóthar ciúin ar feadh 3.5km a théann intíre agus a théann faoi chnoc Drom ó thuaidh áit a fheiceann tú radharcanna áille do ghleann oighir ó dheas roimh a thagann tú ar ais anuas ar an bhóthar na farraige ag Formaoil. Thuas i measc na crainn seasann Teach Formaoile, ceann do dhá thigh a thóg na dearthearacha Uí hIceadha (Hickson), tiarnaí talún a bhí san áit. Téigh thar droichead cruiteacháin chomh fada le carr chlós agus ar aghaidh go dtí an trá. Tá trá Formaoile 11km ar fhaid agus mar cheann do na tránna is áille sa Leathchruinne Tuaisceart. Bíonn an trá sábháilte le trasnú de ghnáth ach tar éis taoide rabharta b’fhéidir go mbeadh ort dul suas thar dumhacha ag 6km, agus teacht anuas arís nuair atá an baol imithe.

Timpeall 250m roimh deireadh an trá tabharfar suas ar dheis tú, marcáilte le marcálaí slí, trí bearna sna dumhacha. Lean an cosán go dtí go mbuaileann tú leis an mbóthar, ag casadh ar chlé i dtreo an pobal beag ag An Fhaiche Mhór. Ag an taobh thall don tigh tabhairne leanfaidh tú cosán a théann ar dheis go dtagann tú chomh fada le aill íseal áit go dtéann tú ar dheis arís. Lean ort anseo trí imeall goirt agus síos ar an trá aarís ar feadh 1km eile. Má bhíonn an taoide istigh is féidir bóthar comhthreomhar a thógaint. Osclaíonn an radharc suas le Oileáin an Mhacaire le feiceáil de réir mar a chuarann an slí timpeall Cuan an Scragáin. Tá na hoileáin seo scaipithe timpeall an chuain agus an ceann is cáiliúla ná Oileán an tSeanaigh áit a bhfuil suíomh manachúil.

Tá longbhá an Port Yarrock ó Ghlaschú a shuncáil i droch aimsir sa bhliain 1894 le feiceáil i mBá Bhréanainn ag lag trá ar thrá Cill Chuimín. In aice Reilig Sráid Bhaile tá leac cuimmhneachán le feiceáil faoin tubaiste.

Is ar Na Machairí, an ainm áitiúl ar an leithinis, atá gnáthóg an Chnádáin (Natterjack Toad), specieas uathúil ar a bhfuil line buí ag rith síos a dhroim.

Fágfaidh tú an trá ag Cill an tSeanaigh. Beagáinín beag ar chlé, anuas don slí, tá suímh anallóide le leac-chross uathúil ar a bhfuil litreacha Chi-Rho snoite. Tar éis 25m téir ar dheis agus coimead ar chlé and lean ar aghaidh síos go dtí an trá arís ar feadh 2.5km breise. Tógann an Slí ar ais ar an mbóthar tú anseo, id’thabhairt isteach go baile Chaisleán an Ghriaire áit a bhfuil go leor rogha coiríochta, bialanna agus tithe tabhairne.

Lóistín agus Bia

Breis...

Eolas Úsáideach

Breis...