Anascaul – Daingean Uí Chúis
( Abhainn an Scáil - Dingle)Faid: 23 km | Aird: 150m | Am: 5—7 hrs | Grád: Easy
Ag fágaint baile Abhainn an Scáil i do dhiaidh, baile dúchais Tom Crean (1877-1938), an taiscéalaí Antartach cáiliúil, agus an dealbhóir Jerome Connor (1874-1943), seo leat siar ar feadh cúpla céad slat ar phríomhbhóthar Thrá Lí-Daingean Uí Chúis (N86) sara gcasann an tSlí ar chlé. Leanann an tSlí cúlbhóithrín tarra ar feadh 4km nó go dtagann tú go Tráigh agus Caisleán na Minairde, túrtheach a thóg na Gearaltaigh, Ridirí Chiarraí, sa séú haois déag mar chosaint in aghaidh fhórsaí Chromaill. Glac sos anseo cois trá agus bain súp as radharcanna breátha trasna Bhá an Daingin ar leithinis Uíbh Ráthaigh. Má tá am agat tabhair cuairt ar Thobar Eoin Baiste, tobar beannaithe, atá tamaillín beag siar ón gCaisleán.
Léarscáil don stráice do Shlí Chorca Dhuibhne idir Abha an Scáil agus Daingean Uí Chúis
Leanann an tSlí ar chosáin agus cúlbhóithríntí trí thailte maith feirme ar feadh 6km nó go dtrasnaíonn sí an N86 ag Lios Póil. Beidh radharc agat ón áit seo ar a bhfuil fágtha de Tharbhealach Iarnród Thrá Lí-Daingean Uí Chúise, a tógadh in 1934. Bhí an t-iarnród seo in úsáid ó 1893 go1953.
Tá sliabhraon maorga ar d’aghaidh amach agus tú ag dul ó thuaidh i dtreo Chruach Sceirde (608m). Leanann an tSlí ar bhóithrín tarra ar feadh cúpla km agus ansin trí thailte feirme in airde ar shleasa íseála sléibhe ar feadh 5km trí Lios Deargáin, mar a bhfuil fothrach na seanleasa a bhfuil an baile fearthainn seo ainmnithe ina dhiaidh le feiscint.
Lúb Shiúlóidí
Siúlóid Lúibe Com Dubh, Abhainn an Scáil
Faid: 8.5 km | Am: 1.5 uair | Grád: Éasca
Siúlóid bog é seo ar mhion-bhóithre agus lánaí. Cheart go dtógfadh sé uair is leath, ach fág breis ama má’s mian leat cuairt a dhéanamh ar Loch Abhainn an Scáil